ag_sugradh_le_cheile
aonach
feile_na_hinse
feile_na_hinse2
feile_na_hinse3
feile_na_hinse4
feile_na_hinse5
rith_2010
scoldramaiochta
scoldramaiochta2

Scléip an tSamhraidh

Nuair a bunaíodh Gaelcholáiste an Chláír i 1993, mheas na tuismitheoirí ann go mba cheart go mbeadh imeacht éigin i rith an tSamhraidh do pháisrtí a mbeadh ag teacht isteach sa scoil, mar chúnamh dóibh teacht isteach ar Ghaeilge labhartha. Bheartaigh siad ar Champa Samhraidh a bhunú chun an aidm seo a bhaint amach.,

Eagraíodh an chéad champa Samhraidh i 1996 agus mhair sé ar feadh seachtaine. Reáchtáileadh é i nGaelcholáiste an Chláir i Halla an Choláiste Phobail. Is Coiste an dTuistí den Ghaelcholáiste a bhí ina mbun agus d'éirigh go maith leis. 

Ach, bhí an campa ag fás agus ag éirí rómhór don láthair a bhí aige. Mar sin socraíodh é a bhogadh go dtí an Ghaelscoil ar bhóthar an Ghoirt, áít a bhfuil sé ó shin.

Tá clár leathan d'imeachtaí ag an Scléip:

  • Spórt
  • Ceol
  • Spraoi
  • Drámaíocht
  • Turasanna
  • Snámh 
  • Agus Níos Mó!


Tá tuilleadh eolais faoin Scléip ar fáil ó:
Oifig An Clár as Gaeilge, 2 Clós na Beairice, Sráid na Beairice, Inis.

Fón: 065 686 4474

Ríomhphost This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

 

Céimeanna Beaga an tSamhraidh

Reáchtáiltear campa eile do pháistí aois Naíonra-Rang 2 darbh ainm Céimeanna Beaga an tSamhraidh.  Is campa seachtaine atá ann.  Bíonn réimse leathan imeachtaí ag an gcampa seo: Ealaíon, Cluichí Gaelacha, ceardaíocht agus amhráin. Is i nGaelscoil Mhichíl Cíosóg a bhí sé.  Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag: 065 686 4474 nó ríomhphost: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. le haghaidh a thuilleadh eolais. Is féidir leat na meán shóisialta a úsáid chomh maith: Twitter agus facebook.