ag_sugradh_le_cheile
aonach
feile_na_hinse
feile_na_hinse2
feile_na_hinse3
feile_na_hinse4
feile_na_hinse5
rith_2010
scoldramaiochta
scoldramaiochta2

An Clár as Gaeilge - Stair

Is Togra Páirtnéireachta Forbairt Teanga Pobail é An Clár as Gaeilge a dhíríonn ar fhorbairt na Gaeilge i gContae an Chláir.

Ó bunaíodh an togra seo in 2002, tá an-chuid oibre déanta aige i gcur chun cinn na Gaeilge in Inis agus sa Chontae trí chéile.

Is togra pobal-bunaithe é, go bhfuil ionadaithe air ó na grúpaí pobail go léir atá gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge tríd an Contae agus mar sin, tá fáil isteach aige ar obair phobail ag leibhéal éifeachtach, áit gur féidir leis an tionchar is mó a bheith aige.

Tá an togra á eagrú ag Craobh na hInse de Chonradh na Gaeilge atá gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge sa bhaile le breis is tríocha bhliain anuas agus á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge faoin Scéim Phobail Gaeilge. 

 


 

Faoin mbliain 2000, bhí sé soiléir go raibh raon na n-imeachtaí a bhí ar siúl ag Craobh na hInse de Chonradh na Gaeilge ag éirí chomh leathan sin go mbeadh gá le structúir níos foirmeálta ná an Coiste deonach a bhí ann go dtí sin. Bhí sé ag éirí níos casta na tionscnaimh go léir a bhí idir lámha a choinneáil ag dul ar aghaidh.

Mar sin, beartaíodh ar oifig lárnach a oscailt agus oifigeach forbartha a fhostú. Cuireadh aighneacht le chéíle do FÁS agus d'Fhoras na Gaeilge chun tionscnamh fostaíochta a thosú. Rinneadh na socraithe chun an tionscnamh a chlárú mar cuideachta teoranta faoi ráthaíocht gan scar-chaipiteal i mí na Nollag 2002.

Mar a tharla sé ag an am, bhí Foras na Gaeilge ag réiteach scéime chun daoine a fhostú ag leibhéal pobail, le Gaeilge a chur chun cinn ag an leibhéal sin. Fuair Inis cead beirt a fhostú agus oifig a thógáil ar cíos faoin Scéim Phobail Gaeilge a seoladh in 2003.
Bhí sé aidhm nó spriocanna stráitéiseacha ag An Clár as Gaeilge mar a tugadh air:

  • Spriocanna Straitéiseacha An Clár as Gaeilge


  • Stádas na Gaeilge a neartú sa Chontae


  • Pobal labhartha na Gaeilge sa chontae a spreagadh


  • Meas an óige ar an nGaeilge a chothú


  • Infheictheacht na Gaeilge sa chontae a láidriú


  • Comhpháirtnéireacht a thionscnamh le eagrais stáit, eaglaise agus pobail d’fhonn freastal ar riachtanais an phobail Gaelaí


  • Tacaíocht a thabhairt do thurasóireacht chultúrtha sa Chontae



Cuireadh cáipéisí a bhaineann leis na sé sprioc thuasluaite faoi bhráid Fhoras na Gaeilge agus glacadh leis an aighneacht mar scéim phíolóiteach do Chontae an Chláir. Tá an togra maoinithe ag Foras na Gaeilge.

PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA
Tá trí Scéim Phobail Gaeilge ceadaithe ag Foras na Gaeilge don Chlár as Gaeilge Teo ó 2003. Tá plean gníomhaíochta curtha le chéíle ag an gCoiste go gach Scéim faoi na teidil sin thuas luaite.