ag_sugradh_le_cheile
aonach
feile_na_hinse
feile_na_hinse2
feile_na_hinse3
feile_na_hinse4
feile_na_hinse5
rith_2010
scoldramaiochta
scoldramaiochta2

Féile na hInse

Bunaíodh Féile na hInse i 1984 mar chuid den chéiliúradh a bhí ann do bhua na hInse i gcomórtas Ghlór na nGael do 1983.

Bronnadh an  duais i mí Aibreán 1994 agus bheartaigh an Coiste eagraithe ar Fhgéile bheag Ghaeilge a eagrú le íomhá na Gaeilge sa bhaile a ardú. Bhí cúig nó sé chomórtas eagraithe a mhair ceithre uair a'chloig i gCois na hAbhna ar an Satharn. Bhí an bronnadh oifigiúl ar an Domhnach dár gcionn.

An bhliain ina dhiaidh sin, beartaíodh an Fhéile a reachtaíl arís , agus cuireadh coiste le chéile chun dul ina mbun:

  • Cathaoirleach: Roibeárd Ó Ceallaigh
  • Rona: Pádraig Mac Mathúna
  • Rúnaí na gComórtas: Dónall Mac Mathúna
  • Cisteoir: Máirtín Ó Dubháin
  • Oifigeach Poiblíócpta: Domhnall Ó Loingsigh

Lean Féile na hInse ar aghaidh agus bhí fás agus forbairt ag teacht uirthi bliain i ndiaidh bliana. Fuair an Fhéile an-thacaíocht ó na scoileanna agus mheas na múinteoirí gur thug sí deis iontach do pháistí feidhm a bhaint as a gcuid Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga.

Is é an coiste reatha ná:

Cathaoirelach: An tSiúr Eibhlín Ní Challanáin

Rúnaí: Aoife Ní Chonchúir

Rúnaí na gComórtas: Róisín Ní Cheallaigh

Cisteoir: Eoin Ó Ceallaigh

Baill aonair: Caitlín Ní Mhaoldomhnaigh, Daithí Ó Diollúin, Domhnall Ó Loingsigh, Dónal Ó hAiniféin, Pádraig Mac Mathúna, Eoin Ó Ceallaigh, Nóirín Uí Cheallaigh, Stephanie Ní Ghealbháin, Sharon Uí Riain, Catherine Seoighe, Niamh Nic Fheorais.

Bhí na tuismitheoirí an-sásta leis nuair a chonaic siad a bpáistí ar an stáitse ag léiri u a gcuid talann, ag aisteoireacht, ag canadh, ag aithriseoireacht nó ag damhsa. 

Anois is í Féile na hInse an Fhéile is mó dá leithéid sa Reéigiún.

  • Bíonn breis agus 2,000 daoine óga páirteach inti gach bliain
  • Anois, tá suas le 70 scoil (Idir Bhunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna) ag glacadh páirte inti
  • Bronntar duaiseanna de suas le €3,000 idir trófaithe, scoláireachtaí Gaeltachta, agus duaiseanna.
  • Bíonn an Fhéile ar siúl thar ocht lá i Mí na Márta gach bliain.
  • Tógann sé  coiste de 20 ball chomh maith le suas le 12 cúntóirí agus 20 moltóir chun an Fhéile a rith.