Daidí na Nollag ar Zoom 2026

Tá draíocht na Nollag ag teacht chuig seomraí ranga an Chláir arís i mbliana! Tá an-áthas ar An Clár as Gaeilge | Líonra na hInse go mbeidh Daidí na Nollag ar Zoom ar siúl an tseachtain dar tús an 14 Nollaig 2026.

Tá an ócáid speisialta seo dírithe ar ranganna na naíonán beag agus na naíonán sinsearach, agus tabharfaidh sí deis do na páistí bualadh le Daidí na Nollag óna seomra ranga féin agus comhrá a dhéanamh leis trí Ghaeilge.

Beidh deis acu beannú dó, a gcuid ceisteanna a chur air agus insint dó faoina mianta don Nollaig. Gheobhaidh gach páiste bronntanas speisialta ó Dhaidí na Nollag freisin, mar chuimhne ar an gcuairt!

Is bealach spraíúil, taitneamhach é seo leis an nGaeilge a thabhairt beo sa seomra ranga agus le muinín na bpáistí a chothú agus iad ag úsáid na teanga. Táimid ag súil go mór leis an sceitimíní agus an spraoi a roinnt le scoileanna an Chláir arís i mbliana.

Conas clárú

Iarrtar ar scoileanna ar mian leo páirt a ghlacadh an fhoirm iarratais a líonadh faoin 1 Nollaig 2026.

Líon an fhoirm iarratais anseo

Cuirfear an t-amchlár chuig na scoileanna tar éis an 1 Nollaig, nuair a bheidh na foirmeacha ar fad faighte againn.

Má tá tuilleadh eolais uaibh, ná bíodh aon drogall oraibh teagmháil a dhéanamh le hAn Clár as Gaeilge | Líonra na hInse.

Bígí linn le haghaidh cuairt lán de spraoi, de Ghaeilge agus de dhraíocht na Nollag!