Páirt-Scoláireachtaí Gaeltachta

Páirt-Scoláireachtaí Gaeltachta

Tá áthas orainn a chur in iúl daoibh go bhfuil páirt-scoláireachtaí Gaeltachta á gcur ar fáil ag CLG na Mumhan do dhaltaí a d’fhreastail ar choláiste Gaeilge sa Ghaeltacht i mbliana.
Má d’fhreastail dalta ó bhur gclub ar chúrsa Gaeltachta i mbliana agus más mian leo cur isteach ar pháirt-scoláireacht, níl le déanamh ach an fhoirm iarratais a chomhlánú agus na cáipéisí seo a leanas a chur ar fáil:
  • Litir ar pháipéar ceannteidil ón gcoláiste ag dearbhú na ndátaí ar fhreastail an dalta ar an gcoláiste.
  • Admháil ón gcoláiste ar mhéid iomlán chostas an chúrsa.
  • Litir ó bhur gclub CLG, sínithe ag Rúnaí an Chlub agus ag Oifigeach Gaeilge an Chlub.
Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo:
Spriocdháta: 9ú Meán Fómhair 2026.
Má tá aon cheist agaibh faoin scéim nó faoin bpróiseas iarratais, ná bíodh drogall oraibh teagmháil a dhéanamh liom.
Go raibh míle maith agaibh agus bheimis buíoch dá bhféadfaí an t-eolas seo a roinnt le baill bhur gclubanna.
Le gach dea-ghuí,
Leah Ní Thailtigh
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 
🎪 Oíche sa Sorcas le Glúin Nua na Gaeilge! 🎪

🎪 Oíche sa Sorcas le Glúin Nua na Gaeilge! 🎪

Tá Glúin Nua na Gaeilge ag tabhairt faoin sorcas! 🤹‍♀️✨

Bígí linn ar an 25ú Lúnasa le haghaidh oíche ag Gerbola Circus sa Mart, Inis.

Tá an ócáid seo dírithe ar dhaoine 18+ a bhfuil Gaeilge acu agus atá ag iarraidh bualadh le daoine eile, aithne a chur ar chairde nua agus an Ghaeilge a úsáid i suíomh sóisialta spraíúil agus neamhfhoirmiúil.

📅 25ú Lúnasa
📍 The Mart, Inis
⏰ Bígí linn ag 6:40 i.n. chun bhur dticéid a bhailiú uainn roimh an seó
🎟️ SAOR IN AISCE!

Tar linn agus bain triail as rud beag difriúil trí Ghaeilge! 🎪🤡

Ranganna Gaeilge

Tosóidh ár ranganna Gaeilge ar an 21 Meán Fómhair i gCois na hAbhna, ag 7–8 i.n., agus mairfidh siad ar feadh 10 seachtaine.

Cuirfear trí leibhéal éagsúla ar fáil, ionas go mbeidh rang ann a oireann duitse, beag beann ar do chuid taithí leis an nGaeilge.

Táille: €60.00 don chúrsa iomlán (10 seachtaine)

Teastas do gach rannpháirtí ag deireadh an chúrsa.

Rang Speisialta don Ardteist:

Anuraidh, bhí rang speisialta a reáchtáil do scoláirí atá ag ullmhú don Scrúdú Béil Ardteiste, ar chostas laghdaithe €30. Bhí sé seo thar a bheith cabhrach do dhaltaí a raibh sé mar aidhm acu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha agus muinín a fháil roimh an scrúdú. Beidh an rang speisialta seo á chur ar fáil arís i mbliana.

Ná caill an deis seo do chuid Gaeilge a fheabhsú i dtimpeallacht chairdiúil agus thacúil!

Cláraigh anseo: https://docs.google.com/forms/d/e/1FAIpQLSdqMshsKotuCUIZyhzvFWSzcq_QrvyAQgb3oLj__jg1U9ecug/viewform?usp=header

Is Togra Páirtnéireachta Forbairt Teanga Pobail é An Clár as Gaeilge a dhíríonn ar fhorbairt na Gaeilge i gContae an Chláir.

Pages

Teagmháil

2 Clós na Beairice 
Sráid na Beairice 
Inis, Co an Chláir
V95 CD52

+353 65 686 4474

Select your language