Chun Oíche Shamhna a chéiliúradh, beidh oíche snoíodóireachta puimcín agus léitheoireacht cártaí Tarot ar siúl ag Glúin Nua na Gaeilge ar an Déardaoin, an 22 Deireadh Fómhair. Is imeacht saor-in-aisce é seo, le puimcíní, fearas snoíodóireachta agus sneaiceanna curtha ar fáil. 🎃
Tá an ócáid seo á reachtáil mar chuid de Ghlúin Nua na Gaeilge, grúpa shóisialta Gaeilge do dhaoine idir 18 agus 30 bliain d'aois. Más mian leat bheith ar an eolas faoi imeachtaí le teacht, úsáid an nasc seo a leanas le bheith inár ngrúpa WhatsApp: https://chat.whatsapp.com/J1KBILQjSyKD9FrWTjqktN?mode=gi_t
Sonraí:
📅 Déardaoin, 22 Deireadh Fómhair 2026
⏰ 7:00 i.n.
📍 Oifigí An Clár as Gaeilge, thuas staighre (V95 CD52)
Cláraigh leis an nasc seo! https://forms.gle/wkuuzJi6rH3rRhzA7
Bígí linn!👻