I gcomhpháirt leis An Clár as Gaeilge, CLG an Chláir, Leabharlanna an Chláir agus Conradh na Gaeilge, tá Comhairle Contae an Chláir tar éis clár imeachtaí comhordaithe a reáchtálfar ar fud an chontae a fhógairt do Sheachtain na Gaeilge 2026, ar lena linn a cheiliúrfar an Ghaeilge i bpobail ar fud an Chláir.

Is é comhoibriú an rud a leagtar béim air sa chlár i mbliana. Tabharfar comhlachtaí poiblí, grúpaí pobail agus daoine aonair le chéile chun aon fhéilire comhroinnte amháin d’imeachtaí a sholáthar ar fud an chontae ar fad, á chinntiú go mbeidh gach duine in ann a bheith páirteach, is cuma cén aois iad agus cén leibhéal Gaeilge atá acu.

Cuirfear imeachtaí ar siúl i mbailte, sráidbhailte, leabharlanna, suíomhanna spóirt agus spásanna pobail ar fud an Chláir, lena n-áireofar gníomhaíochtaí amhail ciorcail chomhrá agus imeachtaí ceoil agus teaghlaigh. Tá mionsonraí iomlána faoi na himeachtaí a chuirfear ar siúl ar an gClár ar fáil ar leathanach tiomnaithe na Comhairle do Sheachtain na Gaeilge. Is féidir an liosta is cothroime le dáta d’imeachtaí a fháil ar Scéal.ie, an t-ardán náisiúnta imeachtaí Gaeilge.

Mar chuid den chlár, tá fáilte roimh ghnólachtaí i gContae an Chláir páirt a ghlacadh i gComórtas Fuinneog ‘Inis Dom’ Sheachtain na Gaeilge, ina dtugtar spreagadh do shiopaí Gaeilge a chur ar a gcuid fuinneog. Iarrtar ar rannpháirtithe taispeántais chuidsúlacha a chruthú lena gceiliúrfar an Ghaeilge agus lena gcuirfear lena infheicthe a bheidh an teanga sa bhaile idir an 1 agus an 17 Márta. Is féidir le gnólachtaí clárú trí theagmháil a dhéanamh leis An Clár as Gaeilge roimh an 17 Márta, agus iad ag dul i bpáirt le daoine eile a chuirfidh an Ghaeilge i gcroílár an Chláir le linn Sheachtain na Gaeilge agus suas go Lá Fhéile Pádraig.

Dúirt Ruairí Henchy, Oifigeach Forbartha Gaeilge/Oifigeach Cumarsáide, Comhairle Contae an Chláir, “Tá iarracht chomhfhiosach á déanamh againn i mbliana bogadh ar shiúl ó imeachtaí ar leith agus i dtreo aon chlár comhroinnte amháin a sholáthar don chontae ar fad. Trí obair i gcomhpháirt leis An Clár as Gaeilge, CLG an Chláir, Leabharlanna an Chláir, Conradh na Gaeilge agus, rud ba thábhachtaí fós, le pobail agus daoine aonair áitiúla, táimid ag cabhrú le tuilleadh deiseanna a chruthú do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid agus nascadh le Gaeilgeoirí eile ina limistéar.”

Dúirt Leah Ní Thailtigh, Oifigeach Pleanála Teanga leis An Clár as Gaeilge agus Oifigeach Gaeilge agus Cultúir le CLG an Chláir, “Tugann Seachtain na Gaeilge deis iontach dúinn a thaispeáint conas is féidir leis an nGaeilge maireachtáil go nádúrtha i ngnáthshaol laethúil an phobail, lena n-áirítear inár gclubanna, inár leabharlanna agus inár spásanna poiblí. Cabhraíonn tionscnaimh a mhéadaíonn infheictheacht na Gaeilge i mbailte agus sráidbhailte agus imeachtaí pobaltreoraithe leis an teanga a dhéanamh níos inrochtana agus níos infheicthe do chách.”

Leanann Comhairle Contae an Chláir le tacú le cur chun cinn agus normalú na Gaeilge, agus baintear leas as Seachtain na Gaeilge gach bliain chun díriú ar chomhpháirtíocht agus ar rannpháirtíocht an phobail. Moltar do dhaoine den phobal agus do ghrúpaí pobail a n-imeachtaí a chlárú ar www.sceal.ie. Iarrtar orthu freisin freastal ar imeachtaí, tacú le tionscnaimh áitiúla, agus an liosta imeachtaí ar líne a sheiceáil go tráthrialta, toisc go leantar le himeachtaí nua a chur leis.

Tá tuilleadh faisnéise faoi Sheachtain na Gaeilge 2026 ar an gClár ar fáil ag: www.clarecoco.ie/council/oifig-na-gaeilge/seachtain-na-gaeilge-2026 agus is féidir amharc ar an sceideal beo imeachtaí ag: www.sceal.ie/imeachtai.

Chun clárú do Chomórtas Fuinneog Sheachtain na Gaeilge, iarrtar ar ghnólachtaí clárú ag https://forms.gle/SiijkyTdYP6KdXtt6 nó teagmháil a dhéanamh leis An Clár as Gaeilge ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..